Back to All Events

REIC | Bilingual Spoken Word

Cloistear filíocht ó bhéal, rap, amhránaíocht, scéalaíocht agus neart eile ag imeachtaí REIC, a reáchtáiltear go rialta timpeall na tíre le deich mbliana anuas. Cuirfidh bean an tí Ciara Ní É fáilte roimh na haíonna speisialta Naoise Dolan, Éire Ní Fhaoláin agus Cú Chulainn Ó Faoláin, agus beidh mic oscailte ann. Bí ann go luath le do spás a chinntiú!

REIC (pronounced ‘wreck’) is a spoken word event featuring poetry, rap, music, storytelling and more! REIC is a welcoming space where Gaeilge is encouraged. This year REIC is celebrating ten years of events. MC Ciara Ní É will welcome special guests Naoise Dolan, Éire Ní Fhaoláin and Cú Chulainn Ó Faoláin to the stage and open mic slots available too - turn up early to secure your space!

Naoise Dolan

Is scríbhneoir as Baile Átha Cliath í Naoise Dolan. Tá dhá úrscéal foilsithe aici, Exciting Times agus The Happy Couple, a bhfuil aistriúchán orthu i níos mó ná tríocha teanga, agus tá sí i mbun eagarthóireachta ar a tríú húrscéal anois. Tá aistí agus ailt nuachtáin scríofa aici in Iodáilis, agus ina cúpla focal Béarla freisin.

Éire Ní Fhaoláin agus Cú Chulainn Ó Faoláin

Is dísreach agus siblíní iad Éire Ní Fhaoláin agus Cú Chulainn Ó Faoláin le grá don amhránaíocht thraidisiúnta, amhránaíocht ar an sean nós, don cheol traidisiúnta agus don fhilíocht. Tá Éire sa chéad bhliain i gColáiste na Tríonóide agus tá staidéar á dhéanamh aici ar an nGaeilge agus ar an gCeol. Tá Chulainn san idirbhliain i Meánscoil Gharman. D’fhoilsigh Éire a céad chnuasach filíochta i nGaeilge sa bhliain 2023 dar teideal ‘Tuigim’. Is breá léi ceol na cruite a chur lena cuid filíochta. Is foinse mhór inspioráide iad na hamhráin ar an sean nós d’Éire agus do Chulainn agus tá a gcéad singil ‘Mo Ghealbhan’ eisithe acu i mbliana. Bíonn téamaí maidir leis an mbéaloideas, áilleacht an tsaoil agus oidhreacht na tíre le feiceáil i bhfilíocht Éire.

Ciara Ní É

Is scríbhneoir, taibheoir agus craoltóir í Ciara Ní É. Ainmníodh í mar dhuine de 100 Women Changing Ireland an Irish Examiner in 2022. Bhí sí mar Ealaíontóir Cónaithe le UCD, Dublin Fringe Festival agus DCU. Bhunaigh sí an oíche filíochta REIC agus chomhbhunaigh sí AerachAiteachGaelach le hEoin McEvoy.

Foilsíodh a dánta léi in Icarus, Aneas, Comhar agus sna díolamaí Bone and Marrow, Queering the Green, agus Impressions irlandaises – 23 poétesses racontent leur pays (2025). In 2024, scríobh agus stiúir sí a céad ghearrscannán, Claonadh agus tá gearrscannán eile idir lámha aici anois. Ainmníodh a clár faisnéise TG4 Ciara Ní É: Saol trí Ghaeilge do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais agus Féile na Meán Ceilteach.

📅 Date: 26th June
🕡 Doors: 6:30pm
🕖 Start: 7:00pm
📍 Location: Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin
💶 Entry: €10

Earlier Event: June 26
Smithfield Creatives Open Mic
Later Event: June 26
The Sunflower Sessions